Seo reifreann maidir le cibé an féidir pá na mbreithiúna a laghdú i gcúinsí áirithe nó nach féidir. I láthair na huaire, ní thugtar cead sa Bhunreacht luach saothair na mbreithiúna atá ina suí a laghdú.
Chuirfeadh an t-athrú beartaithe ar an mBunreacht
• ar chumas an Oireachtais dlí a dhéanamh chun pá na mbreithiúna a laghdú go comhréireach dá mba rud é go raibh pá na státseirbhíseach á laghdú nó laghdaithe agus dá sonrófaí go raibh an laghdú sin “chun leasa an phobail”.
I láthair na huaire, íocann breithiúna cáin agus an Muirear Sóisialta Uilíoch díreach mar a dhéanann gach duine eile. Níl dualgas dlíthiúil ar bhreithiúna “Tobhach Pinsin na Seirbhíse Poiblí” a íoc, cé gur féidir leo roghnú go deonach ranníocaíocht choibhéiseach a dhéanamh.
Ina theannta sin, chuirfeadh an t-athrú beartaithe
• ar chumas an Oireachtais dlí a rith a d’fhágfadh go mbeadh breithiúna faoi réir “Thobhach Pinsin na Seirbhíse Poiblí” chomh maith le haon mhuirear nó aon mhuirir ar aon dul leis amach anseo.
An leasú atá beartaithe – Pá na mBreithiúna
Faoi láthair, sonraítear in Airteagal 35.5 den Bhunreacht:
“Ní cead laghdú a dhéanamh ar thuarastal breithimh an fad is bheidh in oifig.”
Tá sé beartaithe an fhoclaíocht seo a leanas a chur ina ionad:
5 1° Ní cead laghdú a dhéanamh ar thuarastail breithiúna an fad is bheidh in oifig ach amháin de réir an ailt seo.
2° Tá tuarastail breithiúna faoi réir ag forchur cánacha, tobhach nó muirear eile a fhorchuirtear de réir an dlí ar dhaoine go ginearálta nó ar dhaoine is le haicme áirithe iad.
3° I gcás, roimh achtachán an ailt seo nó tar éis é a achtú, go ndearnadh laghduithe nó go ndéantar laghduithe de réir dlí ar thuarastail daoine is le haicmí daoine iad a n-íoctar a dtuarastail as airgead poiblí agus nuair a shonraítear le dlí den sórt sin go bhfuil na laghduithe sin chun leasa an phobail, d’fhéadfaí foráil a dhéanamh freisin de réir dlí chun laghduithe comhréireacha a dhéanamh ar thuarastail breithiúna.
Naisc le faisnéis chúlra a bhaineann leis an reifreann seo:
An méid a bheadh i gceist leis an leasúchán do bhreithiúna reatha
Iarmhairtí Praiticiúla má dhéanfar an Leasúchán a fhormheas
Faisnéis maidir leis na hAchtanna um Bearta Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail
